CONTROL4 ZRE-6500426LTREM Keypad Bus Wiring User Guide

June 9, 2024
Control4

ZRE-6500426LTREM Keypad Bus Wiring

1MFA1001 (Léirithe)

8MFA1001 (Léirithe)

SREABHMHÉADAR
Mionsamhlacha: Sraith 1MFA, 4MFA, 6MFA
agus 8MFA

AG GLACADH / INIÚCHADH
Bain Sreabhmhéadar Precision Medical, Inc. ón phacáistiú agus déan
scrúdú fá choinne damáiste. Má tá aon damáiste ann, NÁ HÚSÁID agus déan
teagmháil le Soláthróir s’agat.

ÚSÁID BHEARTAITHE
Tá sé beartaithe an Sreabhmhéadar a bheith in úsáid ag dochtúirí, teiripeoirí
riospráide agus pearsanra ospidéil údaraithe eile chun dáileog áirithe gáis
leighis a thabhairt d’othar.

LÉIGH GACH TREOIR ROIMH ÚSÁID
Tugann an lámhleabhar seo treoir don dhuine proifisiúnta chun suiteáil a dhéanamh agus an Sreabhmhéadara oibriú. Cuirtear seo ar fáil fá choinne sábháilteachta s’agat agus chun cosc a chur ar damáiste leis an Sreabhmhéadar. Mura dtuigeann tú an lámhleabhar seo, NA HÚSÁID an Sreabhmhéadaragus déan teagmháil le Soláthróir s’agat.

EOLAS SÁBHÁILTEACHTA – RABHAIDH AGUS AIRE

RABHADH

Léiríonn sé cás baolach ar féidir bás nó gortú a bheith mar thoradh air, mura ndéantar é a sheachaint.

AIRE

Léiríonn sé cás baolach ar féidir mionghortú nó gortú measartha tarlú, mura ndéantar é a sheachaint.

AIRE

Is féidir damáiste réadmhaoine tarlú mar thoradh ar úsáid gan an siombail rabhadh sábháilteachta, a chuireann cás baolach in iúl.

Treoracha Oibriúcháin

Siombail fá choinne “NÁ HÚSÁID OLA”

RABHADH
· Bain úsáid as Sreabhmhéadar fá choinne “Úsáid Bheartaithe” s’acu amháin, atá ráite sa lámhleabhar seo.
· Deimhnigh sreabhadh ordaithe sula thugann tú don othar é agus déan monatóireacht ar sreabhadh ar bhonn rialta.
· Is féidir ábhar feiriúil maighnéadach a bheith sna Sreabhmhéadar ar féidir tionchar a bheith acu ar thorthaí MRI.
Chun Riosca Tine nó Pléascadh a Laghdú: · Lean caighdeán ANSI agus CGA i gcónaí fá choinne Táirge Leighis
Gáis agus Sreabhmhéadair agus Láimhseáil Ocsaigine. · NÁ húsáid nó stóráil olaí, gréisc, bealadh orgánach nó aon ábhair
indóite ar nó in aice leis an Sreabhmhéadar seo. · NÁ húsáid in aice le lasair ar bith nó substaint atá inlasta/pléascach,
gal nó atmaisféar. · Ná caith tobac in áit a bhfuil ocsaigin á thabhairt.
AIRE
· Caithfidh Sreabhmhéadair a oibriú leis an bhFeadán Sreafa i suíomh díreach, ingearach.
· Níor cheart ach pearsanra a bhfuil treoir agus oiliúint orthu maidir lena úsáid an Sreabhmhéadar seo a oibriú.
· Cinntigh go bhfuil gach nasc daingean agus saor ó sceitheadh. · Bain úsáid as brathadóir sceite a bhfuil ocsaigin sábhailte amháin. · NÁ cuir san uathchlábh. · NÁ déan le gás steiriligh le EtO (Ocsaíd Eitiléine). · NÁ glan le hidreacarbóin aramatach. · NÁ clúdaigh Sreabhmhéadar i leacht de chineál ar bith. Cuirfidh seo
an baránta ar neamhní. · B’fhéidir go bhfuil sriantán atá suiteálaithe i monarcha ag
Sreabhmhéadair1MFA3001, 4MFA1001 & 6MFA1001. Sula úsáidtear, déan seic ar lipéadú Sreabhmhéadar fá choinne srianta sruthlaithe. · Tá Feadán Sreabhaidh déanta de ghloine ag Sreabhmhéadair 1MFA3001, 4MFA1001 & 6MFA1001 atá sobhriste. Ba chóir aire speisialta a ghlacadh chun bac a chuir ar an bhFeadán Sreabhaidh a bhriseadh.
(Leanúnach laistigh)

SONRAÍOCHTAÍ

Réimse Sreafa

Grádaithe

Cruinneas

0 ­ 200 cc 0 ­ 1 l/nóim 0 ­ 3.5 l/nóim

20 cc
.1 l/nóim .125 (0-1) l/nóim .25 (1-3.5) l/nóim

0-100 cc ±10 cc 101-200 cc ±14 cc
0-1 ±.05 l/nóim
0-3.5 ±.15 l/nóim

0 ­ 5 l/nóim

.25 l/nóim

0-5 ±.20 l/nóim

0 ­ 6 l/nóim

.5 l/nóim

0-6 ±.50 l/nóim

0 ­ 8 l/nóim

.5 l/nóim

0-8 ±.25 l/nóim

0 ­ 15 l/nóim 0 ­ 26 l/nóim 3 – 35 l/nóim 0 ­ 70 l/nóim

.5 (0-5) l/nóim 1 (5-15) l/nóim
1 l/nóim
1 (3-15) l/nóim 5 (15-35) l/nóim
5 l/nóim

0-5 ±.25 l/nóim 6-15 ±.50 l/nóim 2-4 ±.50 l/nóim 5-26 ±10% do léamh 3-4 ± .50 l/nóim 5-35 ±10% do léamh
0-70 ±10% do léamh

Is é an Sreabhadh Sruthlaithe aschur an sreabhmhéadair nuair atá táscaire an sreabhaidh níos faide na an grádú calabraithe is airde. Tá réimse Sreafa Sruthlaithe mar atá ráite ar lipéadú an sreabhmhéadair.

Riachtanais Iompar / Stórála-40°F (-40°C) go 140°F (60°C)

Tá brú gáis agus ionraoin ráite ar an Fheadán Sreabhaidh nó ar chorp an Sreabhmhéadair.

NÓTA: Is féidir Stóráil / Iompar atá taobh amuigh don réimse atá ráite damáiste a dhéanamh don Sreabhmhéadar.
Is é cruinneas caighdeánach +7.3% @ 32°F (0°C) agus -3.0% @ 104°F (40°C) an éifeacht atá ar chruinneas sreabhaidh de bharr éagsúlachtaí i dteocht timpeallach.
Tá na samhlacha Sreabhmhéadar thuas calabraithe ag brú ionraoin ceaptha, 70°F (21°C), brú atmaisféarach caighdeánach. Tá samhlacha idirnáisiúnta calabraithe ó thaobh sonraíochtaí atá ráite ar an Fheadán Sreabhaidh nó corp an Sreabhmhéadair.
Is féidir sonraíochtaí a athrú gan fógra a thabhairt.

AIRE
· NÁ teannaigh an cnaipe agus tú ag múchadh. Déanfaidh seo damáiste don Sreabhmhéadar.
· Thig le héifeacht a bheith ar bhrú seachas na ceann atá ráite ar chorp an Feadán Sreabhaidh nó an Sreabhmhéadar ar chruinneas an sreabhaidh.
· Is féidir le Teocht Gáis seachas 70° F (21°C) tionchar a imirt ar chruinneas an sreabhaidh atá ráite.
· Is féidir oiriúintí a cheangail leis an asraon sreabhaidh a athrú (rud a féidir frithbheartaíocht a ardú le sreabhadh asraonta) ach ní athróidh sé cruinneas an sreabhaidh.
· Bain úsáid as feistiú innéacsaithe gáis atá fóirsteanach chun an Sreabhmhéadar a cheangal le foinse gáis. Bain úsáid as ceangail Ocsaigin fá choinne Sreabhmhéadar ocsaigine, bain úsáid as ceangail aeir fá choinne Sreabhmhéadair aeir.
· NÁ déan iarracht Sreabhmhéadar 8MFA a chóiriú. Níl aon pháirteanna infheidhme.

TREORACHA GLANTÓIREACHTA
1. Dícheangail gach nasc sula nglantar. 2. Glan taobh amuigh de dhromchla an Sreabhmhéadair le héadach le beagán uisce
agus glantach éadrom. 3. Triomaigh le héadach glan.

FABHTCHEARTÚ
Má theipeann ar an Sreabhmhéadar, déan teagmháil le Soláthróir s’agat nó le Precision
Medical, Inc.

Fadhb

Fadhb dóchúil

Leigheas

Ní mhúchfaidh sé

· Sceith · Comhla lochtach

· Athraigh Tetraseal agus/nó Tithíocht · Athshuí Comóradh Corp

Liathróid Snámha Greamaithe Ní féidir sreabhadh mianta a chur isteach

Smionagar sa Feadán Sreabhaidh · Inraon sáinnithe

· Glan Feadán Sreabhadh & Liathróid Snámha
· Athshuí Comóradh Corp

Ní thiontóidh cnaipe · Comha sealbhaithe · Athshuí Comóradh Corp

NÍL páirteanna infheidhme ag samhail 8MFA.
AISBHUILLÍ
Caithfidh Uimhir Údarú Earraí Fillte (RGA) a bheith ag táirge a chuirtear ar ais. Caithfidh aon táirge atá curtha ar ais chuig Precision Medical Inc. a bheith clúdaithe i gcoimeádán atá dúnta go daingean chun cosc a chur le damáiste a dhéanamh. Ní bheidh Precision Medical, Inc. freagrach fá choinne damáiste atá déanta le hearraí ar an mbealach. Polasaí aischurtha ar fáil ag www.precisionmedical.com.

TREORACHA OIBRIÚCHÁIN
RABHADH
Léigh an Lámhleabhar Úsáideora seo sula ndéantar suiteáil nó sula mbaintear úsáid as an Sreabhmhéadar.
AIRE
Déan scrúdú ar an Sreabhmhéadar fá choinne damáiste físiúil sula úsáidtear, NÁ HÚSÁID má tá damáiste déanta.
NÓTA: Molann Precision Medical, Inc. úsáid cannúil nach bhfuil aon chaisirníní ann.
1. Tiontaigh an cnaipe chuig “OFF”. 2. Ceangail an Sreabhmhéadar leis an bhfoinse gáis fóirsteanach. Tá an
brú agus gás fóirsteanach ráite ar an Fheadán Sreabhaidh nó ar chorp an Sreabhmhéadar. 3. Cinntigh go bhfuil an Liathróid Snámha ag fíorbhun Feadán an Sreabhaigh. NÓTA: Mura bhfuil an Snámh ag suí ag bun an Feadán Sreabhaidh, tá an
táirge ag sceitheadh; féach ar an Treoir “FABHTCHEARTÚ”. 4. Deisigh Sreabhadh:
Chun méadú a dhéanamh – Tiontaigh an cnaipetuathal Chun laghdú a dhéanamh – Tiontaigh cnaipear deiseal 5. Ailínigh lár an Liathróid Snámha le línte táscaire ar an Fheadán Sreabhaidh chun tús a chuir le sreabhadh. 6. Beidh sreabhadh neamhchinntithe mar thoradh d’athrú sreabhaidh níos faide ná an líne dheireanach calabraithe. 7. Tiontaigh Cnaipe an bhealach uile tuathal chun an méid is mó sreabhaidh sruthlaithe a fháil. NÓTA: Is éard agus sreabhadh sruthlaithe ná aon sreabhadh atá níos airde
ná an líne calabraithe ar an Fheadán Sreabhaidh le sreabhadh gan teorainn, mar atá ráite ar lipéadú an sreabhmhéadair.

300 Held Drive Northampton PA 18067, USA
www.precisionmedical.com T: (+001) 610-262-6090 · F: (+001) 610-262-6080
Deimhnithe ag ISO 13485
Fá choinne Fógairt Comhfhoirmeachta agus Liosta Athbhall, déan tagairt don leathanach táirge Sreabhmheadair ar shuíomh gréasáin s’againn.
Emergo Europe B.V. Prinsessegracht 20 2514 AP The Hague The Netherlands
Baineann sé le Sreabhmhéadair atá lipéadaithe Sraith MRI 1MFA agus 8MFA amháin!
Cuireann sé in iúl go bhfuil an gléas faoi choinníoll MR agus is féidir é a úsáid i dtimpeallacht MR
RABHADH! Is féidir an táirge seo a úsáid in aice le Timpeallacht MR (mar shampla, sa seomra córais MR in aice leis an scanóir). Níor chóir é a úsáid taobh istigh don chóras MR go díreach (mar shampla. taobh istigh de chró an scanóra). Caithfidh an gléas a bheith ceangailte go sábhailte le hAsraon Gáis ar bhalla.
· Caithfear an t-eolas seo a choinneáil leis an ghléas. · Faoi choinníoll MRI le Córas MR 1.5T. · Caithfidh seirbhísiú a bheith déanta ag pearsanra atá cáilithe. · Caithfidh Sreabhmhéadair a bheith coinnithe le sonraíochta monaraíochta. · Caithfidh feistiú a bheith MR caighdeánach má dhéantar seirbhísiú orthu nó má athraítear iad. · Téann treoir monaraíochta MRI in ionad an t-eolas seo · Gabh i dteagmháil le Monarú MRI má úsáidtear le MRI oscailte.

BARÁNTA TEORANTA AGUS TEORANNÚ AR DHLITEANAS

Éilíonn Precision Medical, Inc. go mbeidh an Medical Gas Flowmeter (an Táirge) saor ó aon fhabht oibre agus/nó ábhar don tréimhse a leanas:

(a) Feadán Sreabhaidh agus Saol Cásáil an táirge

(b) Comhla Shnáthaide

Cúig (5) bliana ó sheoladh

(c) Gach páirt eile don Leigheas

Bliain(1) amháin ó sheoladh

Ní aithnítear Sreabhmhéadar Gáis

in (a) nó (b) thuas

Ní chlúdaíonn baránta briseadh / drochbhail.

Má theipeann ar aon chomhfhoirmigh don bharánta seo le linn an tréimhse infheidhme, ceartóidh Precision Medical, Inc. an fabht le cóiriú oiriúnach nó athsholáthar ar a chostas féin, ar fhógra scríofa agus bunús go raibh na hearraí á stóráil, á shuiteáil, á chothabháil agus oibrithe de réir treoracha Precision Medical, Inc. agus cleachtadh caighdeánach tionsclaíochta, agus nach bhfuil aon athruithe, ionadaithe nó leasuithe déanta leis na hearraí.

NÍ HIONANN RÁITEAS Ó BHÉAL AGUS BARÁNTA.

Níl cead ag ionadaí Precision Medical, Inc. nó aon mhiondíoltóir baránta ó bhéal a thabhairt faoi na hearraí atá sa chonradh seo. Ní bheidh aon mhuinín sna ráiteas sin agus níl siad mar pháirt den chonradh atá ar díol. Mar sin de, is scríbhneoireacht deiridh, críochnaithe é seo agus eisiach do na téarmaí den chonradh sin.

TÁ AN BARÁNTA SEO EISIACH AGUS IN IONAD AON BHARÁNTA INDÍOLTACHTA, OIRIÚNACH FÁ CHOINNE AIDHM ÁIRITHE NÓ AON BHARÁNTA EILE CAIGHDEÁNACH, CIBÉ NOCHT NÓ INTUIGTHE.

Ní bheidh Precision Medical, Inc., ar aon chúis, faoi dhliteanas fá choinne aon damáiste speisialta, teagmhasach nó iarmhartach ar nós brabús caillte, díolachán caillte, nó gortú duine nó réadmhaoine. Is é ceartú neamhchomhréireachtaí, mar a fhoráiltear thuas, comhlíonadh na ndliteanas uile Precision Medical, Inc. cibé acu bunaithe ar chonradh, faille, tort docht nó eile. Tá sé de cheart ag Precision Medical, Inc. scoir de mhonarú aon táirge nó athrú a dhéanamh ar ábhar táirge, dearadh, nó sonraíocht gan fógra.

Tá sé de cheart ag Precision Medical, Inc. aon earráid chléireachais nó chló a athrú gan pionós.

503349GA Rev 6

Read User Manual Online (PDF format)

Loading......

Download This Manual (PDF format)

Download this manual  >>

Related Manuals